About
SÍOMHA
Déanann an t-amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach Síomha damhsa ar an líne idir daoncheol, snagcheol agus nuacheol anama, ag tabhairt lucht féachana go héasca ar aistear gan choinne dodhearmadta lena foinn thochtmhara. Is bailiúchán d'amhráin i nGaeilge agus Béarla araon é a céad albam, Infinite Space, a ndearna The Irish Times cur síos air mar "chéadalbam a bhfuil cumas dáiríre agus féinmhuinín ann". Is cineál d'iar-phobcheol cosmach é, faoi thionchar an daoncheoil agus blas snagcheoil air.
___
Independent Irish singer and guitarist Síomha (pronounced She-vah) dances the line between folk, jazz and neo-soul effortlessly taking audiences on an unexpected and unforgettable journey with her soulful melodies. Her debut album 'Infinite Space', described by The Irish Times as "a seriously accomplished and self-confident debut", is a collection of songs in both Irish and English.
Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Rugadh agus tógadh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta i gceantar Chonamara, áit a bhfuil cliú agus cáil uirthi mar gheall ar a saibhreas ceoil, fonnadóireacht, cultúr agus teanga. Chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana ar The Late Late Show, áit ar chas siad leagan draochtúil den chaoineadh Anach Cuain. Bhí an clár ag teacht go mór le meon na tíre agus roinn na mílte ar fud an domhain an físeán. Tá aitheantas bainte amach ag an mbeirt mar gheall ar a gcuid ámhranaíochta ar an sean-nós (amhránaíocht as Gaeilge a chantar gan tionlacan den chuid is mó) agus an cóiriú uaithúil a dhéanann siad ar amhráin as Gaeilge agus as Béarla araon.
___
Séamus and Caoimhe Uí Fhlatharta were born and raised in the Connemara area, which is renowned for its richness of music, singing, culture and language. They made a huge impact on the audience on "The Late Late Show", where they performed a magical version of the lament "Anach Cuain". The show was very much in tune with the spirit of the country and the video was shared by thousands around the world. The pair have gained recognition for their sean-nós singing (singing in Irish that is mostly sung without accompaniment) and their unique arrangements of songs in both Irish and English.






